About Gairmoideachas agus gairmoiliúint agus cáilíochtaí a sheachadadh

Bailíonn Cedefop sonraí ón Eoraip agus níos faide i gcéin agus déanann sé iad a chur i gcomparáid chun tacú le córais agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a fhorbairt a fhreagraíonn d’éilimh scileanna i margadh an tsaothair agus sa tsochaí. Cuidíonn a chuid oibre le feabhas a chur ar sheachadadh scileanna agus inniúlachtaí ábhartha ardchaighdeáin d’fhoghlaimeoirí de gach aois agus ag céimeanna éagsúla dá ngairmeacha beatha agus dá saol. I sraith de snáitheanna oibre téamacha, léirítear conas a thugtar an obair seo chun cinn.

Lenár gcuid oibre ar an todhchaí gairmoideachais agus gairmoiliúna san Eoraip, féadtar tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin fhoriomlána atá roimh ghairmoideachas agus gairmoiliúint na hEorpa agus ar an gcaoi a n athraíonn siad seo idir tíortha. Sa bhreis ar mhonatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a n athraíonn institiúidí agus struchtúir gairmoideachais agus gairmoiliúna, tá obair sa réimse seo ag díriú níos mó ar athruithe in ábhar gairmoideachais agus gairmoiliúna, mar shampla conas is fearr scileanna a bhaineann go sonrach le gairm bheatha a thabhairt le chéile le tras-scileanna agus príomhinniúlachtaí. Tá tionchar díreach ag nádúr athraitheach na gcáilíochtaí agus na ndintiúr, lena n áirítear suim mhéadaitheach i mbailíochtú agus i micridhintiúir, ar luach scileanna agus inniúlachtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna agus ar chumas daoine aonair dul chun cinn a dhéanamh san fhoghlaim agus san obair araon. Tá aird dírithe ar ról creataí cáilíochtaí náisiúnta cuimsitheacha chun trédhearcacht, aitheantas, agus tréscaoilteacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú, chomh maith le dul chun cinn aonair san oideachas, san oiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a éascú. Léiríonn an obair seo go díreach an fhorbairt agus an cur chun feidhme d’uirlisí agus prionsabail an AE maidir le trédhearcacht agus aitheantas cáilíochtaí, go háirithe an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF).

Bíonn tionchar ar sheachadadh gairmoideachais agus gairmoiliúna ag úsáid torthaí foghlama – ráitis a shainíonn ábhar agus próifíl ar an méid a bhfuiltear ag súil go mbeidh a fhios ag foghlaimeoir, a bheidh sé nó sí in ann a dhéanamh agus a thuiscint. Feidhmíonn torthaí foghlama mar theanga choiteann maidir le hábhar agus próifíl na gclár agus na gcáilíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna, rud a chumasaíonn comhphlé idir páirtithe leasmhara i margadh an tsaothair agus san oideachas agus san oiliúint agus sa tsochaí i gcoitinne chomh maith. Bunaithe ar anailís ar láidreachtaí agus ar theorainneacha an chur chuige seo, forbraíonn Cedefop uirlisí treorach agus tacaíochta d’fhorbairt curaclaim, modhanna foghlama, agus dearadh agus cur i bhfeidhm an mheasúnaithe agus an bhailíochtaithe.