Tá Cedefop ar cheann de ghníomhaireachtaí díláraithe an AE. Bunaíodh Cedefop in 1975 agus tá sé bunaithe sa Ghréig ó 1995 i leith, agus tacaíonn sé le cur chun cinn, forbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais i réimse VET chomh maith le beartais maidir le scileanna agus cáilíochtaí trí oibriú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta. Chuige sin, feabhsaíonn sé agus scaipeann sé eolas, cuireann sé fianaise agus seirbhísí ar fáil le haghaidh ceapadh beartais, lena n-áirítear conclúidí atá bunaithe ar thaighde, agus éascaíonn sé comhroinnt eolais i measc gníomhaithe AE agus gníomhaithe náisiúnta agus eatarthu.