Ráiteas Príobháideachais maidir le cosaint sonraí pearsanta a bhaineann le

Clárú ar an Tairseach Ghréasáin – CRM

Déantar sonraí pearsanta go léir a phróiseáil i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002.

Aitheantas an rialaitheora:

Is é Cedefop an rialaitheoir agus is é Ceann na Roinne um Chumarsáid (DCM) an duine atá freagrach as.

Cuspóir na próiseála agus cur síos uirthi:

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála seo cur ar chumas úsáideoirí na tairsí gréasáin a sonraí teagmhála agus a síntiúis ríomhphoist féin a chlárú agus a bhainistiú.

Cuireann CRM ar chumas Cedefop cumarsáid a dhéanamh le teagmhálacha a bhaineann le réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, le scileanna agus cáilíochtaí agus feachtais ríomhphoist a bhainistiú chun tacú le gníomhaíochtaí Cedefop i gcomhréir le Straitéis Cumarsáide na gníomhaireachta.

Is stór lárnach de shonraí teagmhála daoine aonair é córas CRM Cedefop, agus más infheidhme, féadfaidh úsáideoirí faisnéis bhreise a lua, amhail a n-institiúid, a bpróifíl phoist, etc.

Is feidhmchlár gréasáin néalbhunaithe é CRM Cedefop (SuiteCRM) atá ina chuid d’éiceachóras na tairsí gréasáin agus a ndéanann conraitheoir seachtrach a óstáil agus a chothabháil. Déantar clárúcháin uile na tairsí gréasáin a bhainistiú trí SuiteCRM.

Chun a sonraí a stóráil sa chóras CRM, ní mór d’úsáideoirí iad féin a chlárú ar an tairseach ghréasáin agus, dá bhrí sin, a dtoiliú feasach a thabhairt go ndéanfaí teagmháil leo. Bíonn an deis acu liostáil do sheirbhísí éagsúla ar líne agus do chumarsáid ríomhphoist a fháil amhail:

  • Foláirimh / fógraí maidir le hábhar / nuashonruithe nua na tairsí gréasáin;
  • Síntiúis le nuachtlitreacha;
  • A bheith i do bhall de líonra/de phobal; [1]
  • Faisnéis a fháil ina réimse spéise;
  • Cuirí chun páirt a ghlacadh i suirbhéanna agus/nó in imeachtaí Cedefop;
  • Ó am go chéile, féadfaidh Cedefop sonraí teagmhála CRM a úsáid chun cumarsáid chorparáideach thábhachtach a sheoladh (bunús dlí: airteagal 5.1a)

Ina theannta sin, cuireann bailiú sonraí ar chumas na foirne gréasáin rannpháirtíocht agus roghanna na n-úsáideoirí a thomhas trí staitisticí a ghiniúint maidir le húsáid an chórais chun feabhas a chur ar an méid atá le fáil ar líne.

Daoine is ábhar do na sonraí:

Aon duine a chláraíonn ar thairseach ghréasáin Cedefop agus a thoilíonn go feasach le cumarsáid ríomhphoist Cedefop a fháil.

Catagóirí na sonraí a phróiseáiltear:

  1. Réimsí éigeantacha
    1. Seoladh ríomhphoist
    2. Pasfhocal (atá stóráilte i bhfoirm chriptithe)
    3. Céadainm
    4. Sloinne
    5. Tír
    6. Réimse an toilithe (déanta le linn clárúcháin)
  2. Réimsí roghnacha
    1. Teideal
    2. Teideal (carachtair neamh-Laidineacha)
    3. Céadainm (carachtair neamh-Laidineacha)
    4. Sloinne (carachtair neamh-Laidineacha)
    5. Rogha teanga cumarsáide/Rogha teangacha cumarsáide
    6. Institiúid
    7. Teideal poist
    8. Roinn
    9. Uimhir teileafóin oibre
    10. Uimhir fóin póca
    11. Uimhir teileafóin baile
    12. Cathair
    13. Seoladh
    14. Cód poist
    15. Stát / Réigiún
    16. URL gréasáin
    17. Seoladh Facebook
    18. Seoladh Twitter
    19. Seoladh LinkedIn
    20. Pictiúr
    21. Cineál próifíle úsáideora
  3. Nuachtlitreacha agus fógraí Ríomhphoist
    1. Síntiúis (Ann/As) le catagóirí ábhair agus le táirgí éagsúla: Imeachtaí, Nuacht, Foilseacháin, Nuachtlitreacha, Suirbhéanna etc.
    2. Cineál próifíle úsáideora (ballraíocht (Ann/As) do ghrúpaí agus do líonraí)
    3. Ábhair spéise
  4. Réimsí roghnacha do bhaill na Sraithe Uirlisí chun dul i ngleic leis an luathfhágáil
    1. Tá nó bhí tú i d’fhostaí ag:
    2. I do phost, an ndéanann tú an méid seo a leanas go príomha:
    3. Cad í an chúis is mó atá agat le cuairt a thabhairt ar an tSraith Uirlisí seo?:
  5. Réimsí roghnacha d’ambasadóirí na Sraithe Uirlisí chun dul i ngleic leis an luathfhágáil [2]
    1. Cineál institiúide:
    2. I do phost, an ndéanann tú an méid seo a leanas go príomha:
    3. Conas is féidir leat cur leis an tsraith uirlisí seo mar Ambasadóir?:

Is féidir na réimsí sin a fheiceáil ar an Tairseach Gréasáin ag  : https://www.cedefop.europa.eu/en/user/personal-details (Caithfear a bheith logáilte isteach)

Bunús dlí / dlíthiúlacht:

Déantar sonraí a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/128  [3], ós rud é go bhfuil an oibríocht phróiseála sin riachtanach d’fheidhmiú na hinstitiúide/na gníomhaireachta.

Sainmhínítear dlíthiúlacht na próiseála le hAirteagal 5(1)(a) agus (d) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Faighteoirí na sonraí:

Chomh maith leis na próiseálaithe, cuirtear sonraí CRM ar fáil do chúntóir Cheann DCM agus do chúntóir oifig na Bruiséile chun críocha cumarsáide corparáidí.

Féadfar sonraí CRM a chur ar fáil do chonraitheoirí seachtracha Cedefop chun críche suirbhéanna oifigiúla Cedefop. Féadfar sonraí CRM a chur ar fáil freisin do Rialú Inmheánach Cedefop, do Thomhas Feidhmíochta nó do chomhlachtaí seachtracha amhail Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin Eorpaigh nó an Chúirt Iniúchóirí a bhfuil baint acu le meastóireacht agus/nó le hiniúchóireacht Cedefop.

Tréimhse choinneála na sonraí pearsanta a bhailítear

Scriosann an Fhoireann Gréasáin go rialta sonraí na n-úsáideoirí a thaispeántar a bheith neamhghníomhach. Féadfaidh Cedefop cuntais a bhaint go tréimhsiúil le seoltaí ríomhphoist neamhbhailí (e.g. i gcás ríomhphoist nach féidir a sheachadadh, fearainn atá imithe in éag, etc.).

Coinneofar sonraí chomh fada agus a chinneann na húsáideoirí gníomhacha amhlaidh. Is féidir le daoine is ábhar do na sonraí liostáil do sheirbhísí sonracha ar líne nó díliostáil díobh, cuir i gcás an nuachtlitir, fógraí, etc. Is féidir le húsáideoirí díliostáil go hiomlán den tairseach ghréasáin agus, dá bhrí sin, baintear den chóras CRM iad.

Cearta an duine is ábhar do na sonraí:

Tá sé de cheart ag daoine is ábhar do na sonraí rochtain a fháil ar a bhfaisnéis agus í a cheartú (faoi chúinsí sonracha), agus a iarraidh go scriosfaí í.

Is féidir fiosruithe agus ábhair imní maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta a chur freisin chuig Oifigeach Cosanta Sonraí Cedefop ag an ríomhphost seo a leanas: data-protection-officer@cedefop.europa.eu

Tá daoine is ábhair do na sonraí i dteideal freisin dul i muinín an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (http://www.edps.europa.eu) tráth ar bith.

NUASHONRAITHE: 07 Samhain 2022


[1] Féach taifead na hoibríochta próiseála do CDFNOT098 – Líonraí Saineolaithe

[2] Féach taifead na hoibríochta próiseála do  CDFNOT098 – Líonraí Saineolaithe

[3] Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle, IO L 30, 31.1.2019, lch. 90-105